Scéalaí Paul Cotter Scéalaí Paul Cotter

Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta

Is ar an Lochán Beag a chaith an scéalaí Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta a shaol agus é de bhua aige go raibh cuimhne iontach aige. Scéalaí mór a bhí ina athair roimhe. Ghnóthaigh sé duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas agus d’eisigh Cló Iar-Chonnacht roinnt dá scéalta ar chaiséad dar teideal Ag Scéalaíocht. Bhíodh Tom le cloisteáil go minic ar an gclár Trian le Scéalaíocht a chraoltaí ar Raidió na Gaeltachta.

Read More
Scéalaí, Fonnadóir Paul Cotter Scéalaí, Fonnadóir Paul Cotter

Cáit Uí Chonláin

Bhí cáil ar Cháit Ní Choistealbha nó Kate Sheáin Tom (1886 – 1974) mar fhonnadóir agus mar scéalaí. Rugadh i mBaile Domhnalláin sa Spidéal í agus is i mBaile an tSagairt a thóg sí féin agus a fear céile, Mícheál Ó Conláin, a gclann. Ba í Cáit sin-seanmháthair scríbhneoirí an ailt seo, Áine agus Cillian Ó Laoi.

Read More
Scéalaí Paul Cotter Scéalaí Paul Cotter

Jimmí Chearra

Choinnigh Jimmí Chearra (1927 – 2020) géarchuimhne ar chuile scéal beo a chuala sé ina óige agus is é a bhí in ann iad a inseacht i nGaeilge ghlan, shaibhir Chois Fharraige. I gClochar an Locha ar an Lochán Beag a saolaíodh é agus thug sé seal i Sasana. Is i gClochar Camóige ar an Lochán a thóg sé féin is a bhean, Bríd, a gclann. Séamus Ó Cearra, garmhac le Jimmí, a scríobh an t-alt seo.

Read More
Scéalaí Paul Cotter Scéalaí Paul Cotter

Máirín Mhic Lochlainn

Is as Baile an tSléibhe i Ros a’Mhíl do Mháirín Mhic Lochlainn nó ‘Máirín na Scéalta’ mar a thugann gasúir na háite uirthi. Is i mBaile na mBrobhach a thóg sí féin agus a fear, Tom Mac Loughlin, a gclann. D’inis sí a scéal féin dá nianna, Liam agus Séamus Ó Lorcáin.

Read More
Scéalaí Paul Cotter Scéalaí Paul Cotter

Tom Pheadaí Mac Diarmada

Bhí aithne mhór agus gean dá réir ar an scéalaí agus an reacaire Tom Pheadaí Mac Diarmada (1908 – 2001). Rugadh ar an Lochán Beag i gCois Fharraige é agus is ansin ar leac an teallaigh a chuala sé na scéalta agus an seanchas. Is i mBaile Átha Cliath a chuir Tom agus a bhean, Nean Sheáin Seoige as Leitir Móir, fúthu ach d’fhill siad ar an dúchas nuair a d’éirigh sé as a chuid oibre i Réadlann Dhún Sinche.

Read More