Máirín Mhic Lochlainn

Is as Ros a’ Mhíl ó dhúchas dár n-aintín Máirín, as Tóin an Chnoic a deir sí féin, cé gur Baile an tSléibhe a thugtar ar an mbaile sa lá atá inniu ann. Tá fáth leis sin, mar ba ar an taobh thall de Chuan Fhortail a bhí cónaí ar chuid de mhuintir Bhaile an tSléibhe gur chuir na Blácaigh as a seilbh iad sna 1830idí agus thugadar an t-ainm anall leo. Chuaigh Máirín chuig Scoil Náisiúnta Cholmcille i Ros a’ Mhil, agus chuig Gairmscoil Cholmcille (Coláiste Cholmcille sa lá atá inniu ann); áit a ndéarna sí Scrúdú Ghaeltarra Éireann.  Chaith sí dhá bhliain ag freastal ar Ghairmscoil na Ceathrún Rua, áit ar chuir sí lena cuid oideachais, go mór mór an cineál oideachais a bhaineann le hobair rúnaíochta agus b’shin é an cineál poist a bhí aici ag obair do Ghaeltarra Éireann i dTuar Mhic Éadaigh ar feadh cheithre bliana go leith.  

Ina dhiaidh sin chaith sí bliain go leith i mBaile Átha Cliath ag obair le RTÉ, agus ina dhiaidh sin arís ag obair le Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh é in 1972 go dtí 1996. Ba í a bhunaigh an chartlann sa Raidió, agus chaith sí seacht mbliana déag i mbun na hoibre sin. D’oibrigh sí mar rúnaí, agus mar chúntóir craolacháin roimhe sin.  

Máirín in éineacht le Liam agus Séamus Ó Lorcáin (agus an cat!)

Cúpla bliain tar éis di a cuid oibre a fhágáil, rinne sí céim sa stair agus sa tseandálaíocht in OÉ Gaillimh. D’fheil an dá ábhar seo do Mháirín mar go raibh an-tóir aici riamh ar an mbéaloideas agus ar an seanchas áitiúil. Is iomaí sin scéal atá aici faoi na hábhair sin, an chuid is mó acu a fuair sí óna hathair Beairtlín Shéamuis Rua Ó Maoileoin. Is iad na scéalta Fiannaíochta an cineál scéil is fearr léi, agus ba mhinic a mhaireadh ceann de na scéalta seo trí nó ceithre oíche le linn dá hathair a bheidh á n-aithris i rith na n-oícheanta fada geimhridh agus í ina girseach óg. Tá cúpla ceann de na scéalta seo ar bharr a goib aici. Tá neart scéalta béaloidis aici freisin, an ceann faoi Chonán Maol agus An Chailleach; Sióga Aill na gCraí; Scéal Cholmcille agus an chaoi a dtáinig sé go dtí an Bhántrach; scéal faoin amadán a raibh cónaí air in Uachtar Ard, agus amadáin nach é; faoin na baintreacha agus a gclann, agus go leor leor nach iad. Seo sampla ó Mholscéal agus Máirín i mbun seanchais agus an scéal faoi Chonán Maol agus An Chailleach: Toit Chonáin - https://www.molsceal.ie/toradh/alt/?CID=6184032347001  

Is aisteoir í Máirín chomh maith, agus bíonn sí páirteach le Cumann Drámaíochta Chois Fharraige agus le Cumann Drámaíochta na Rógairí. Rinne sí céim mháistreachta i nDrámaíocht na Gaeilge, agus tá Dioplóma aici i Múineadh na Gaeilge Labhartha, chomh maith le hArd-Dioplóma san Aistriúchán. Seo í ag déanamh píosa aisteoireachta mar chuid d’Fhéile Traidphinic, an Spidéal in 2021

Tá duaiseanna bainte amach aici i scríobh filíochta agus drámaí ó Oireachtas na Gaeilge, agus scríobhann sí ailt go rialta don irisleabhar bliantúil Biseach a chuireann Cumann Forbartha Chois Fharraige amach. Scríobhann sí corralt don Iris Misneach ó am go chéile, i measc irisí eile. Seo alt uaithi faoi na Scoileanna Éigse agus Seanchais in Iris Phléaráca 2010: https://www.plearaca.ie/items/show/1401  

 Le ceithre bliana anuas tá sí ag scríobh drámaí do Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige; agus léirítear na drámaí seo go háitiúil, an chuid is mó acu sa seomra cúil sa Droighneán Donn ar an Spidéal agus in Amharclann Chois Fharraige. Baineann sí an-sásamh as na drámaí seo mar go mbaineann na haisteoirí, foghlaimeoirí Gaeilge den chuid is mó, ach le tacaíocht ó aisteoirí áitiúla chomh maith, an-sásamh chomh maith le tairbhe as na drámaí seo. Is bealach spraíúil é le dul i gcleachtadh ar labhairt na Gaeilge. Scríobhann sí gearrscéalta chomh maith agus le deireanaí tá sraith gearrscéalta á scríobh aici faoi stíl na scéalta Fiannachta agus faoin mbanlaoch Brídín Chnoc Dabhach. 

 Bíonn Máirín ag múineadh scéalta do dhaoine óga, faoi scáth Thuismitheoirí na Gaeltachta agus bíonn sí ag inseacht a cuid scéalta i leabharlanna agus i scoileanna ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. In Wellington na Nua-Shéalainne, an áit ab fhaide ó bhaile, go dtí seo, a raibh sí nuair a bhí sí páirteach in oíche airneáin ag inseacht scéalta i dTeach Ambasáid na hÉireann chun na tíre sin, Peadar Ó Riain.  

 

Tá sí ag cur fúithi le fada i mBaile na mBroghach i gceantar Chois Fharraige.  

 

Scríbhneoirí: Liam agus Séamas Ó Lorcáin, Baile an tSléibhe, Ros a’ Mhíl. 

Aibreán, 2022.

Embed Block
Add an embed URL or code. Learn more
Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Jimmí Chearra

Next
Next

Aisling Ní Neachtain