Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter

Bróna Ní Cheallacháin

Is ar an gCré Dhubh a rugadh agus a tógadh Bróna Ní Cheallacháin. Tá sí ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn ó bhí sí ina cailín beag. Bíonn sí páirteach go minic i gcoirmeacha agus comórtais agus bhain sí an dara háit amach i gComórtas na mBan ag Oireachtas 2023. Is breá léi freisin a bheith ag plé le hagallaimh bheirte, lúibíní agus sceitseanna.

Read More
Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter

Brian Terry Mac Donncha

Tá aithne ag tír agus talamh ar Bhrian Terry Mac Donncha mar gheall ar na blianta atá caite aige ag ceol ar fud Chonamara sa mbanna ceoil ‘Cillín’ in éindí lena leathbhádóir, Máirtín Ó Gríofa. Is ceoltóir ildánach é agus fonnadóir breá a bhfuil luí faoi leith aige le hamhráin a bhaineann le Ros a’ Mhíl, a cheantar dúchais.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Frankie Mac Aodha

Is as an gCoill Rua do Frankie Mac Aodha, fear óg a bhfuil cáil an cheoil á tarraingt aige air féin le roinnt blianta anuas, sa mbaile agus i gcéin. Is ceoltóir cumasach bainseó é agus tá sé ar dhuine den dream óg atá ag coinneáil traidisiún láidir na feadóige beo beathaíoch i gceantar Chois Fharraige.

Read More
Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter Ceoltóir, Fonnadóir Paul Cotter

Síle Denvir

Is cláirseoir agus amhránaí aitheanta í Síle Denvir, bean a rugadh agus a tógadh sna hAille in Indreabhán. Is scoláire freisin í agus tá sí ina hOllamh Cúnta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá suim faoi leith aici in amhránaíocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Éilís Lennon

Is é a hathair, Charlie Lennon, a mhúscail spéis Éilís Lennon sa gceol. Chaith sí tréimhse le Ceolfhoireann Náisiúnta na nÓg, bhí sí ina veidhleadóir aonair le Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus thaistil sí an domhan le ceolfhoirne agus lena muintir cheolmhar féin. Is faoina cúram atá Stiúideo Cuan, lárionad cultúrtha an Spidéil, agus bíonn fáilte shuáilceach i gcónaí aici roimh chuairteoirí.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Erin Nic Eoghain

Is ceoltóir agus cumadóir í Erin Nic Eoghain a bhfuil an stíl chlasaiceach agus an stíl thraidisiúnta ar a toil aici de bharr gur fhoghlaim sí an dá mhodh is í ag fás aníos i gCraigavon, Co. Ard Mhacha. Is múinteoir bunscoile í agus tá céim mháistreachta aici sa gceol traidisiúnta. Tá cónaí uirthi sa Spidéal lena fear, Seosamh Ó Neachtain, agus a gclann óg.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Seán Lennon

De chlann cheolmhar Lennon é Seán, fear a tógadh i mBaile Átha Cliath agus atá ina chónaí anois sna Forbacha lena chomhluadar. Faoi mar a bheifeá ag súil leis, casann sé an fhidil agus an pianó freisin. Tagann na stíleanna éagsúla go héasca leis: an ceol traidisiúnta, an ceol clasaiceach agus an snagcheol. Is ball é den ghrúpa snagcheoil Tribal Swing a bhíonn le cloisteáil go minic i nGaillimh.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Máirtín Shéamuis Ó Fátharta

Ba as na hAille do Mháirtín Shéamuis Ó Fátharta (1906 - 1985) agus ba bheag an ceapadh a bhí aige an lá a thaifead mac a dhearthár, Meaití Jó Shéamuis, é go mbeadh an ríl a chas sé dó ar an trumpa béil ar cheann na saothair is aithnidiúla i stór ceoil na hÉireann. Is é Ríl Mháirtín Shéamuis ceol aitheantais RTÉ Raidió na Gaeltachta ó uair a bhunaithe.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

May Standún

Ba as an Muileann gCearr ó thús do May Mulready Standún ach is sa Spidéal a chuir sí faoi lena fear, Máirtín Standún. Dar ndóigh ba leo an siopa cáiliúil, Tigh Standún i mBaile an Domhnalláin. Bean eisceachtúil ab ea í agus bhí sí ar dhuine den fhíorbheagán ban a bhíodh ag casadh go poiblí sna 1950í agus 1960í. Chuir Frankie Mac Aodha suim ina scéal.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Aisling Ní Neachtain

Tá Aisling Ní Neachtain an-ghníomhach i saol an cheoil i gCois Fharraige. Tá sí ina crann taca ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus ina stiúrthóir ar Chór Chois Fharraige. Is minic a bhíonn glaoch uirthi ag ócáidí éagsúla in éineacht lena deirfiúr, Luisne. Casann Aisling an fhidil, an pianó agus an chláirseach agus tá sí fós ag cur fúithi ina baile dúchais, an Chré Dhubh.

Read More
Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter

Becky Ní Éallaithe

Is ceoltóir consairtín agus damhsóir ar an sean-nós í Becky Ní Éallaithe, as na hAille, Indreabhán, i gCois Fharraige. Tá céim sa gceol traidisiúnta bainte amach ag Becky ó Ollscoil Luimnigh, áit a ndearna sí taighde céime ar an nasc atá idir an damhsa ar an sean-nós agus an ceol traidisiúnta.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Charlie Lennon

Tá an Dr Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile. As Coillte Clochair i gCo. Liatroma ó thús é ach tá sé ina chónaí le fada sa Spidéal. Gariníon le Charlie, Aoibhínn Ní Neachtain, a scríobh an t-alt seo faoina daideo.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Dearbhaill Standún

Tógadh Dearbhaill Standún le ceol i dteach cáiliúil Standúin i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal agus is leis a chaith sí a saol. Is ina cónaí ar bhóthar Mhaigh Cuilinn atá sí anois, áit a ritheann sí féin agus a fear, Charlie Troy, an gnó Cnoc Suain. Chuir Frankie Mac Aodha suim ina scéal agus scríobh sé an t-alt seo fúithi.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Dónal Standún

Is duine de mhuintir cheolmhar Standúin é Dónal agus bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí bainseó ba cháiliúla sa tír le linn a óige. Tá sé ina chónaí sa Spidéal in éineacht lena bhean, Raymonde, agus d’inis sé scéal a bheatha do Frankie Mac Aodha.

Read More
Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter

Edel Ní Churraoin

Is as an gCoill Rua d’Edel Ní Churraoin, bean a chuir suim sa gceol nuair a bhí sí an-óg. Casann Edel an cairdín agus an fheadóg, is damhsóir breá sean-nóis í agus casann sí corrstéibh d’amhrán freisin. Is ball í den ghrúpa Las agus is minic ar ardán í leosan agus le ceoltóiri eile. Tá Edel lonnaithe i mBéal Feirste agus í ag obair i ngach réimse de na meáin.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Festy Ó Conláin

Ba dhuine de cheoltóirí móra a linne é Festy Ó Conláin (1925 – 2001) agus tharraing an cháil a bhí air go leor ceoltóirí go ceantar an Spidéil. Ba as Baile an tSagairt dó agus is ann a thóg sé féin agus a bhean, Eibhlín Standún, a gclann. Is í Caitríona Ní Mhathúna a scríobh an t-alt seo.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Johnny Connolly

Ba as Inis Bearachain ó thús do Johnny Connolly nó Johnny Phádraig Phíotair (1944 – 2019) agus chaith sé roinnt blianta i Sasana is é ina fhear óg. Nuair a d’fhill sé féin is a chomhluadar ar Éirinn, chuir siad fúthu i gCor na Rón, Indreabhán. Bhí ardcháil agus meas air. Is í Caitríona Ní Raifeartaigh a scríobh an cuntas seo.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Johnny Óg Connolly

Rugadh Johnny Óg Connolly i Sasana ach tógadh é i gCor na Rón. Is ceoltóir agus cumadóir é Johnny agus tá an-éileamh ar a scileanna ceoil sa mbaile agus níos faide i gcéin. Casann sé an mileoidean agus an cairdín. Labhair sí le Ella agus Fiach Mac Domhnaill faoina chúlra.

Read More
Ceoltóir Michael Bharry Ceoltóir Michael Bharry

Maidhc Ó Curraoin

Chreid Maidhc Ó Curraoin (1916 – 2004) gur cheart go gcuirfeadh an ceol fonn damhsa ar dhuine agus sin ceann de na fáthanna a mbíodh glaoch air an cairdín a chasadh ag na céilithe a bhíodh ar bun i gColáiste Chonnacht agus i Halla na bhForbacha. Ar an bPáirc Thoir sa Spidéal a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol ar fad. A iníon Bairbre Ní Churraoin a scríobh an cuntas seo faoina hathair.

Read More