Jimmí Chearra

Is i gClochar an Locha i gCois Fharraige a saolaíodh mo dhaideo Jimmí Chearra in 1927. Rugadh é sa teach ceann tuí  atá ina sheasamh fós san áit a rugadh a athair sin roimhe, rud a bhreathnaíonn an-aisteach dom inniu. Ba anseo ar an tamhnach sléibhe a chónaigh a shinsear i bhfad siar. B’áit é a raibh an seanchas agus an béaloideas ag gabháil go farrabachall ann agus bhí an-cháil ar an teach i bhfad agus i gcóngar.

Scéalaí den scoth a bhí in athair Jimmí, Pádraic, agus é sin ríshoiléir ó na taifeadtaí  a glacadh uaidh. Is ann a chaith sé a óige go dtí gur thug sé an bád bán air féin. Is ar Lancashire agus Londain a thug sé aghaidh, áit ar chas sé ar a bhean, Bríd a’ Bhreathnaigh, as Ros a’ Mhíl. Chaith sé deich mbliana thall uilig ach bhí luí a chroí i gcónaí lena cheantar dúchais. D’fhill siad abhaile in 1958 agus cheannaigh sé gabháltas talún thart ar mhíle soir ó Chlochar an Locha, áit a dtugtaí Clochar Camóige air, os cionn an Locháin Bhig agus is ann a thóg siad a seisear clainne: Pádraic, Máirín, Norita, Geraldine, Martina agus Mícheál, nach maireann.

Lár na 80idí. Chun tosaigh: Pádraic Ó Cearra (athair Jimmí), Séamus Ó Cearra (údar an ailt seo), Pádraig Ó Cearra, Bríd Chearra. Ar chúl: Jimmí Chearra agus a dheartháir, Mike Chearra.

Rugadh agus tógadh mise i mBaile Átha Cliath ach nuair a bhí mé ag éirí suas i mo ghasúr chaith mé go leor ama thart ar mo dhaideo ar mo laethanta saoire. Thaispeáin sé an seanchultúr sléibhe domsa agus dá gharchlann. Is iomaí lá a chaith muid ag baint agus ag sábháil mhóna i dTulach an Leathair agus laethanta eile ag cur fhataí, fosaíocht beithíoch/capall agus ag stiléireacht. Bhí sé láidir scafánta an uair sin. Is anseo a chuala muid an t-eolas mór a bhí aige ar stair is ar thíreolas an cheantair mháguaird. Bhí ainmneacha muintire nó gnéithe aiceanta an cheantair ar a thoil aige. Chuala muid go leor faoi Chlochar na gCon, Clochar na Lára agus áiteachaí eile nach iad agus faoi dhaoine ar nós Bheairtle Fenton agus Pádraic Mór Ó Fátharta. Ba léir agus mé i m’ógánach gur foinse mhór eolais a bhí i mo dhaideo agus é ar a dhícheall ag iarraidh a shaibhreas a roinnt linn.

Cainteoir glan breá Gaeilge a bhí i Jimmí. Threoraigh sé ár meon agus ár n-aigne isteach ar an saol Gaelach, mar a rinne sé lena chlann féin. Cheartaíodh sé muid dá gcloisfeadh sé droch-Ghaeilge againn agus mhúineadh sé leaganacha Gaeilge dúinn, nathanna ar nós ‘Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh’; ‘ní liachtaí bealach chun na coille ná bealach chun a fágtha’, ‘sháraigh an fhoighid an chinniúint’ agus cora cainte eile nach iad. Is i gcomhrá cois teallaigh is mó a chuala muid a chuid scéalta fada. Ní bhíodh aon chead an teilifís a chasadh air agus is maith an rud nach raibh mar go dtugadh muid cluas do chuile scéal. B’iontach an oidhreacht a fáisceadh isteach ann muid.

Is é an bua ba mhó a bhí ag Jimmí ná a chuimhne agus choinnigh sé géarchuimhne ar chuile scéal beo a chuala sé agus rudaí a chonaic sé ina óige. Bhí sé cliste ag an scoil agus tháinig sé an-ghar do scoláireacht a fháil. D’fhiafraigh mé de an raibh aon aiféala air nach bhfuair sé í: “m’anam nach raibh mhuise, mar chaith mé mo shaol mar ab fhearr liom é agus bhí an-deich mbliana i Sasana agam rud nach mbeadh dá rachainn ag coláiste”. Chuaigh sé leis an bpeann nuair a bhí sé sna seachtóidí - ag breacadh síos scéalta agus seanchas a cheantair féin agus foilsíodh a leabhar Seanchas Jimmí Chearra in 2010. Is seoid í an leabhar sin don dream atá beo anois agus do na glúnta atá le teacht. Cnuasach breá cuimsitheach atá sa leabhar ach choinnigh sé air ag roinnt an tseanchais le cuairteoirí agus bailitheoirí a bhíodh ag teacht chun an tí chuige. Is iomaí sin scoláire a tháinig ar cuairt chuige agus chaith sé go fáilteach, suáilceach leo uilig. Tá a fhios agam gur minic a thug an saineolaí béaloidis Pádraig Ó hÉalaí agus Brian Ó Curnáin ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath cuairt air. Ní scaoilfinn féin aistear ar bith siar tharam gan cuairt a thabhairt air. San aimsir dheiridh ba thairngreachtaí, paidreacha agus seanráite is mó a bhíodh sé ag múineadh dom. Is í an tairngreacht ‘Tiocfaidh long an óir, tiocfaidh an t-ór ina diaidh, tiocfaidh cogadh an dá ghall agus is aoibhinn don té a bheas beo ina dhiaidh’ an píosa deiridh a ghlac mé uaidh mí sul má bhásaigh sé. Bhíodh sé ag baint brí as agus ba í an cheist a bhíodh sé ag cur orm ar ‘dhá Ghall’ nó ‘dhá Dhall’ a bhí ann.  

D’imigh mo dhaideo ar shlí na fírinne ar an 20 Meán Fómhair, 2020 agus mar gheall ar na srianta Covid-19 is ar an stráice bóthair idir an Lochán Beag agus Reilig an Chnoic a d’fhág muintir Chois Fharraige slán leis. Go ndéana Dia grásta ar Jimmí agus go maire traidisiún an tseanchais go brách sa gceantar seo.

Séamus Ó Cearra, Márta 2021

Tuilleadh eolais:

Ó Cearra, P. (eag) (2010) Seanchas Jimmí Chearra. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Cáit Uí Chonláin

Next
Next

Máirín Mhic Lochlainn