Is minic ráite gur i dteannta a chéile is fearr muid agus tá muid faoi chomaoin ag riar mór daoine agus eagraíochtaí a chuidigh linn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus an cnuasach seo á chur i dtoll a chéile againn. Murach an tacaíocht, an treoir agus an spreagadh a fuair muid, ní bheadh an suíomh seo ann. Is iomaí duine a thug cúnamh do na taighdeoirí óga agus glactar buíochas leosan sna hiontrálacha éagsúla. Is liosta ginearálta é seo, níl sé iomlán agus má tá aon duine fágtha ar lár againn trí thimpiste, maithigí dúinn é.  

Is iad Donncha Ó hÉallaithe agus Cumann Forbartha Cois Fharraige a spreag chun oibre muid le linn laethanta dorcha na dianghlasála.

Rinne na scríbhneoirí óga agus a muintir an-jab go deo de na hailt agus tá muid buíoch freisin de bhaill an phobail a scríobh ailt dúinn. Tá buíochas ag dul do na hoirfidigh agus dá muintir a bhí flaithiúil lena gcuid ama agus a roinn a gcuid eolais agus buanna go fial leis an nglúin óg. Tá buíochas faoi leith ag dul do Charlie Lennon, Johnny Óg Connolly agus Neansaí Ní Choisdealbha a thug a mbeannacht do na ceoltóirí a gcuid saothar a thaifeadadh.

Chuir na meantóirí ceoil agus scríbhneoireachta a gcroí agus a n-anam san obair: Aisling Ní Neachtain, Brian Terry Mac Donncha, Caitlín Ní Chualáin, Éilís Lennon, Fearghas Mac Lochlainn, Johnny Óg Connolly, Luisne Ní Neachtain, Mícheál Darby Ó Fátharta, Nóirín Ní Ghrádaigh, Róisín Elsafty, Ruairí Mac Con Iomaire, Seán Lennon, Toner Quinn agus Traolach Ó Conghaile. Tá buíochas ag dul freisin do mhúinteoirí ceoil, damhsa agus amhránaíochta na ngasúr.

Tá muid faoi chomaoin ag Foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a cheartaigh agus a rinne profléitheoireacht ar na mílte focal, a roinn a saineolas cartlannaíochta, cultúir, teanga, taighde, teicneolaíochta agus scannánaíochta linn: Áine Nic Niallais, Aodh Ó Coileáin, Belinda McHale, Bríd Nic Dhonncha, Cassie Ní Chathasaigh, Dónall Ó Braonáin, Dónal Ó Droighneáin, Dorothy Ní Uigín, Fionn Ó Sealbhaigh, Gearóidín Ní Chonghaile, Michael Bharry Ó Flatharta, Norita Ní Chartúir, Róisín Ní Mhianáin (Cartlann Chumair), Séamus Ó Coileáin, Seán Breathnach, Seathrún Ó Tuairisg, Treasa Uí Lorcáin, Veronica Ní Ghríofa agus an fhoireann uilig.

Buíochas le Bláthnaid Nic Cába, Caitríona Ní Ghriallais, Fearghas Mac Lochlainn, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Máire Ní Chualáin agus Mártan Ó Ciardha a rinne piarléitheoireacht ar na hailt agus a thug aiseolas luachmhar dúinn.

Tá muid buíoch de na grianghrafadóirí agus na healaíontóirí a thug ábhar dúinn: Antaine Ó Faracháin agus coiste Shean-Nós Cois Life, Bob Quinn, Caitríona Ní Mhathúna, Johanna Ní Mháille, Knut Utler, Liam Ó Maolaodha agus Cartlann an Oireachtais, Matt Nolan, Seán Ó Mainnín, agus Vanessa Jordan.

Fuarthas an-tacaíocht uathu seo a leanas agus muid ag déanamh iarratais ar mhaoiniú: Bríd Treasa Ní Ghaoithín, Fighting Words Chonamara;  Bridge Barker & coiste Thraidphicnic; Caitríona Uí Bhéarra, Scoil Sailearna; Liam O’Connor, Taisce Cheol Dúchais Éireann; Neansaí Ní Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta; Siobhán Ní Ghadhra, Danú Media; Toner Quinn, Journal of Music.

Is mór againn an cúnamh a fuair muid ó na daoine uaisle seo: Aoife Ní Chonghaile, Beartla Ó Flatharta, Conall Ó Murchadha, Darach Mac Con Iomaire, Deirdre Ní Choistín, Deirdre Ní Thuathail, Dermot Darby, Dónal Glackin, Elaine Scahill, Gearóid Mac Donncha, Gráinne Hambly, Jimmy Darby Ó Fátharta, Jimmy Jó Shéamuis Ó Fátharta, Katie Ní Loingsigh, Liam King, Louise Ní Dháibhéid, Paddy Hayes, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Paul Cotter, Peadar Ó Máille, Peigí Ní Chonghaile, Peigí Uí Chéidigh, Máire Ní Neachtain, Máirín Mhic Risteaird, Máirtín Ó Cadhain, Martina Goggin agus Muireann Ní Dhroighneáin.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le bunscoileanna agus meánscoileanna Chois Fharraige agus leis na comhlachtaí / eagraíochtaí seo: Bad Dog, Cumar, Foireann Iris Aniar, Iontaobhas Uí Chadhain, Molscéal, Oireachtas na Gaeilge, Pléaráca Chonamara, Sean-Nós Cois Life, Stiúideo Cuan, TG4, Tesco Ireland agus Tigh Mholly.