Damhsóir Paul Cotter Damhsóir Paul Cotter

Patricia Ní Fhátharta

Is as Barr Roisín, Ros a’ Mhíl, don damhsóir sean-nóis, Patricia Ní Fhátharta agus tá sí ina cónaí anois i Maigh Eo lena fear, John Murtagh, agus a mbeirt ghasúr. Músclaíodh a suim sa damhsa nuair a thosaigh sí ag foghlaim ceoil agus mhol a máthair, Baba, di leagan ar an damhsa. Is iomaí steip a dhamhsaigh sí ó shin agus tá an-dúil aici sa tseanstíl.

Read More
Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter

Becky Ní Éallaithe

Is ceoltóir consairtín agus damhsóir ar an sean-nós í Becky Ní Éallaithe, as na hAille, Indreabhán, i gCois Fharraige. Tá céim sa gceol traidisiúnta bainte amach ag Becky ó Ollscoil Luimnigh, áit a ndearna sí taighde céime ar an nasc atá idir an damhsa ar an sean-nós agus an ceol traidisiúnta.

Read More
Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter Ceoltóir, Damhsóir Paul Cotter

Edel Ní Churraoin

Is as an gCoill Rua d’Edel Ní Churraoin, bean a chuir suim sa gceol nuair a bhí sí an-óg. Casann Edel an cairdín agus an fheadóg, is damhsóir breá sean-nóis í agus casann sí corrstéibh d’amhrán freisin. Is ball í den ghrúpa Las agus is minic ar ardán í leosan agus le ceoltóiri eile. Tá Edel lonnaithe i mBéal Feirste agus í ag obair i ngach réimse de na meáin.

Read More
Damhsóir Paul Cotter Damhsóir Paul Cotter

Marian Ní Chonghaile

Rugadh Marian Ní Chonghaile i Londain agus tógadh i Leitir Móir na Coille, Camas, í. Chaith sí roinnt mhaith blianta ina cónaí sa Spidéal. Thosaigh sí ag damhsa ar an sean-nós nuair a bhí sí ina déagóir. Ar na damhsóirí a chuaigh i gcion uirthi bhí Pádraig Bradley agus Cóilín Sheáin Dharach. Thug na steipeanna go leor deiseanna taistil di, rud a d’airigh sí uaithi go mór i rith thréimhse na dianghlasála.

Read More
Damhsóir Paul Cotter Damhsóir Paul Cotter

Seosamh Ó Neachtain

Tá cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag Seosamh Ó Neachtain lena chuid damhsa. Rugadh agus tógadh ar an gCoilleach, taobh thoir den Spidéal, é agus tá sé fós ina chónaí ann lena bhean, an ceoltóir Erin Nic Eoghain agus a gclann óg. Is é Ruadhán Ó Fátharta a scríobh an t-alt seo.

Read More