Ar an 15 & 16 Deireadh Fómhair, tháinig muid le chéile i Studio Cuan sa Spidéal chun ceol agus amhráin a thaifeadadh.

Tá muid buíoch de Neansaí Ní Choisdealbha, Charlie Lennon agus Johnny Connolly a thug a mbeannacht dúinn píosaí ceoil a chum siad féin a thaifeadadh. Ní hamháin sin ach thaifead siad na píosaí in éineacht linn. Rinneadh taifeadadh ar ábhar le Joe Steve Ó Neachtain. Tiomnaíodh cuid de na píosaí dóibhsean atá imithe ar shlí na fírinne ach atá fós beo inár gcuimhne: Johnny Connolly, Ciarán Ó Con Cheanainn, Micheál Ó hEidhin agus Joe Steve féin. Beannacht Dé leo.