Fúinn

Bunaíodh an grúpa ‘Ceoltóirí Óga Chois Fharraige’ sa mbliain 2012 chun deis a thabhairt do chúigear nó seisear gasúr áitiúil ceol a chasadh le chéile. De réir a chéile thosaigh tuilleadh gasúr ag triall ar na seisiúin agus anois tá thart ar 70 duine óg ar fad cláraithe linn. Ní foláir a rá go bhfuil fonnadóirí breátha sa ngrúpa freisin! Is eagraíocht an-scaoilte muid agus is iad na tuismitheoirí is mó a bhreathnaíonn i ndiaidh na seisiún agus aon ócáid a bhíonn ar bun againn agus, dar ndóigh, is trí Ghaeilge amháin a fheidhmíonn muid.

Is le linn na dianghlasála a chuimhnigh muid ar an togra ‘Taisce Chois Fharraige’. Ar nós chuile dhuine eile, bhí muid cuibhrithe sa mbaile agus thogair muid rud éigin fiúntach a dhéanamh lenár gcuid ama. Is togra pobalbhunaithe é seo agus beifear ag cur leis an gcnuasach de réir a chéile. Tá ábhar scríofa ann chomh maith le pictiúir, ábhar fuaime agus taifeadtaí físe a thaitneoidh leosan atá ar thóir na siamsaíochta nó leosan atá i mbun foghlama agus taighde. Áis oideachasúil atá ann d’óige an cheantair agus do lucht suime na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh ar fud na cruinne.

Cinnteoidh an suíomh seo go bhfanfaidh cuimhní na bhfathach a chuaigh romhainn beo inár measc agus go mbeidh deiseanna againn tuilleadh a fhoghlaim faoi na laochra atá ag cothú agus ag buanú an chultúir i gCois Fharraige. 

I dteannta a chéile is fearr muid agus tá buíochas ag dul do chuile dhuine beo a thug cúnamh dúinn ar an iliomad bealach. Is muid atá buíoch de na hamhránaithe, na ceoltóirí, na damhsóirí, na scríbhneoirí, na scéalaithe agus a ndaoine muinteartha a roinn a gcuid eolais, a mbuanna agus a gcuid ama go fial, flaithiúil linn.  (Féach an nóta buíochais). Tá muid thar a bheith buíoch de na hurraitheoirí a thuig luach agus fiúntas na hoibre. Tá buíochas faoi leith ag dul don ghlúin óg, iompróirí an traidisiúin, faoin obair mhór rinne siad.

Bí ag léamh agus ag éisteacht!