Dónal Standún
Cé go mbaineann sé fós corrphort as an mbainseó, b’fhearr le Dónal Standún a bheith ag éisteacht le ceol agus é ar a shuaimhneas sa teach ósta. Is fada idir inné agus inniu, áfach, agus chaith an Standúnach a óige ag casadh ceoil sa mbaile sa Spidéal sa teach a bhí buailte ar an siopa cáiliúil a bhí faoi úinéireacht a thuismitheoirí, Máirtín agus May Standún. Is iomaí áit ar thug an ceol é i gCo. na Gaillimhe, in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir agus bhí a ainm in airde mar dhuine de na ceoltóirí bainseó ab fhearr sa tír.
Dar ndóigh bhí mianach an cheoil ann agus ba í a mháthair, May Standún, a chéad mhúin an veidhlín dó. Chuir sí é féin agus a dheirfiúr Dearbhaill ansin go fear darbh ainm Mr Herminges a bhíodh ag múineadh ceol clasaiceach in óstán an Bridge House sa Spidéal. Bhí luí faoi leith aige leis an gceol traidisiúnta cé nach mbíodh a chuid múinteoirí i gcónaí ar aon intinn leis, an múinteoir ceoil a bhí aige i gColáiste na Cistéirseach i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, mar shampla. Nuair a thaispeáin Dónal an sárleabhar O Neill’s Music of Ireland dó, is é an chaoi ar chaith sé uaidh é!
Cé go mbíodh May agus Máirtín Standún an-ghnóthach sa siopa bhíodh fearadh na fáilte i gcónaí roimh cheoltóirí agus amhránaithe agus tá tá an-chuimhní ag Dónal ar na seisiúin a mhaireadh go moch maidine agus ar na carachtair ar fad a bhíodh ag bualadh isteach chucu. Ba mhinic a bhíodh slua aisteach ceoltóirí ag fanacht sa teach agus nuair nach mbíodh aon spás ann dóibh, d’fhanadh siad leis an gceoltóir feadóige, Festy Ó Conláin. Cara mór le muintir Standún ba ea Festy agus bhí gaol cleamhnais eatarthu mar bhí sé pósta le hEibhlín Standún, deirfiúr Mháirtín. Is leis a d’fhan Luke Kelly agus an fidléara, Seán Keane, agus uair amháin thairg sé leaba do Johnny Moynihan ach is i dtollán sa ngairdín i dtigh Standún a rinne seisean codladh na hoíche! Bhíodh John Sheehan ag tarraingt ar an áit freisin agus agus é ag lorg comhairle ó Mhay mar ag an am, bhí sé idir dhá chomhairle maidir le hinnealtóireacht nó ceol a roghnú san ollscoil.
Thugadh Barney McKenna corrsciuird ar an Spidéal agus chuaigh ceol an bhainseó go mór i bhfeidhm ar an leaid óg agus thogair sé é a fhoghlaim. Nuair a labhair sé le Barney faoi is é an chomhairle a chuir seisean air ná “stick to the fiddle”! Go gairid ina dhiaidh sin agus é thall i Learpholl, cheannaigh Máirtín Standún bainseó i dteach gill (pawnshop) ar £5. Is bainseó den déanamh Vega a bhí ann agus cé nach raibh sé iontach, dar le Dónal, bhí sé sách maith le dul ag foghlaim air. Chaith sé uaireanta fada an chloig ag foghlaim leis féin sa mbaile agus é ag éisteacht le ceirníní agus ag scríobh chuile phort a d’fhoghlaim sé. Rinne sé an-dul chun cinn in achar gairid agus nuair a chuala Barney arís é, d’athraigh sé a phort agus thug sé an t-uafás misnigh agus cúnaimh dó.
Tamall ina dhiaidh sin chuir an fliúiteadóir as Baile Átha Cliath, Mick O’Connor, fios air agus thug sé cuireadh dó dul ag casadh le buíon nua ceoil in éineacht leis na deartháireacha Seán Keane (fidil), James Keane (cairdín), Mick Tubridy (fliúit) agus Joe Ryan (fidil). Thapaigh sé an deis agus seoladh slám téipeanna chuige agus d’fhoghlaim sé chuile phort. The Castle Céilí Band a thug siad orthu féin agus ghnóthaigh siad Fleadh Cheoil na hÉireann sa mbliain 1965. Mhéadaigh an cliú a bhíodh orthu agus bhíodh siad le cloisteáil go minic ar chláir ar nós Céilí House ar Raidió Éireann. In 1967 thaifead Dónal agus Seán Keane dhá rian don chéad cheirnín a d’eisigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann, The Rambles of Kitty. Ar chuid de na hamhránaithe/ ceoltóirí eile a bhí ar an gceirnín sin bhí Eibhlín Ní Bheaglaoich, Ann Mulqueen, Séamus Connolly, Liam Óg Ó Floinn agus Joe Burke agus ba é Mícheál Ó hEidhin a léirigh. Bhí Dónal ina bhall chomh maith den Connemara Quartet, agus tá rian leosan ar The Rambles of Kitty freisin. Ba é Mícheál Ó hEidhin a bhunaigh an grúpa seo agus is iad an bheirt eile a bhí ann ná Jimmy Mullen as an gClochán (daideo na gceoltóirí Liz & Yvonne Kane) agus an fliúiteadóir Tomás Ó Ceannabháin as Carna. Is ar an gClochán a bhíodh siad ag cleachtadh agus thugadh Mícheál siar sa gcarr é. Is cuimhneach le Dónal go ndeachaigh siad suas go Dún na nGall chuig comórtas ceoil uair. Ghnóthaigh siad é agus bronnadh duais £100 orthu, airgead mór an t-am sin.
Bhain Dónal céim amach in 1969 agus bhailigh sé leis anonn go Nua-Eabhrac ar víosa J-1. Cheannaigh sé bainseó Balsam ar $400 ann agus is sa Bronx a bhí sé ag fanacht. Chuaigh sé ar thóir gigeanna in éineacht lena chairde Gerry Joyce agus Tony Small agus thug Bill Fuller, an té ar leis Teach Furbo sa mbaile, cúpla oíche dóibh san óstán The Old Shieling. Dhéanaidís uair go leith ceithre oíche sa tseachtain d’fhaighidis $150 chomh maith le lóistín. Chas siad cúpla uair in Óstán John Barleycorn chomh maith. Dúirt Dónall go mbíodh lucht airgid ag tarraingt ar an óstán sin agus nuair a bhítí ag glanadh suas i ndiaidh na gceolchoirmeacha, go mbíodh nótaí $20 agus $50 caite ar an urlár.
D’fhill Dónal ar an Spidéal i mí Mheán Fómhair na bliana sin ach bhí fonn siúil fós air agus thug sé Sasana air féin i mí Eanáir 197 le dul ag obair ar na láithreáin tógála in éineacht le Jackie agus Gerry. Murabh ionann agus Meiriceá ní raibh an t-airgead chomh fliúrsach céanna agus is ceol tíre seachas ceol traidisiúnta is mó a bhí ag teastáil sna tithe ósta. Thug Raymond Boland roinnt oícheanta dóibh sa White Hart, Fulham Broadway. Ba deartháir é Raymond leis an tSiúir Anthony a bhíodh ina príomhoide ar an scoil náisiúnta sa Spidéal nuair a bhí Dónal ann. £4 in aghaidh na hoíche a fuair siad ar an gceol agus bhíodh siad ag obair ar na láithreáin tógála freisin. Fuair Dónal gig in Reading ansin ach níor thaitin sé leis mar go raibh an áit lofa! Faoin am seo bhí a dhóthain airgid aige le carr a cheannach agus fuair sé ceann ar £15. An t-aon fhadhb a bhain leis gurbh éigean í a thosú le forc seachas eochair ach níor chuir sé sin as aon bhlas do na ceoltóirí óga, géimiúla agus anonn leo go dtí an Fhrainc agus uaidh sin go dtí an Spáinn. Thaitin Barcelona thar cionn leo agus chaith siad roinnt míonna ann ag casadh ceoil. Chuir siad aithne ar roinnt Gearmánach agus mhol siad an Oktoberfest go hard na spéire agus away arís leis na fánaithe óga go Wolfsburg, áit a raibh an-suim ag muintir an cheantair sa gceol. In Frankfurt cheannaigh Dónal Volkswagen ar 27 deutsche mark agus chaith sé uaidh an forc! Chaith siad seal thall ann ag obair ar an U-Bahn faoi thalamh agus bhí an t-airgead thar cionn ar fad, 100 deutsche mark san uair! Chroch siad leo a seolta arís agus rinne siad a mbealach go dtí an tSeicslóvaic a bhí taobh thoir den Chuirtín Iarainn agus as sin go dtí an Ostair. Ar ais leo tríd an gcuirtín arís go Zagreb na hIúgsláive mar ar thit sneachta ar feadh trí mhí. Rinne siad go leor cleachtaidh dá mbuíochas i rith na tréimhse sin agus iad sáinnithe san árasán! Nuair a bhí a dhóthain siúil déanta aige, d’fhill sé ar an mbaile agus rinne sé an tArdteastas san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe. Chaith sé seal ag iascaireacht agus thug sé cúnamh sa siopa. Faoin am seo bhí cáil na n-earraí cniotála agus na lámhcheardaíochta ar Thigh Standún agus bhí go leor turasóirí ag tarraingt ar an siopa.
Má bhí mianach an cheoil ann, bhí mianach na fiontraíochta freisin ann agus dhírigh sé go hiomlán ar an ngnó nuair a tugadh ar lámh dó é in 1972. D’oibrigh sé féin is a bhean, Raymonde, go dian agus tháinig athruithe agus forbairtí ar Thigh Standún in imeacht na mblianta. Tá an siopa anois faoi stiúir a gclann iníon, Clíona agus Laragh, agus a stampa féin curtha ag na mná óga ar an tseirbhís. Faoi mar a thuigfeá, ba bheag am a bhí aige don cheol agus don ragairneacht agus d’éalaigh na blianta leo. Bhí fear amháin nár lig a scil sa gceol riamh i ndearmad dó agus bhíodh a sheanchomrádaí Mícheál Ó hEidhin i gcónaí ag iarraidh é a mhealladh ar ais agus tar éis trí bliana déag bhain sé an dusta den bhainseó agus thosaigh sé ag buaileadh isteach corruair go Tigh Hughes le dul ag casadh le Mícheál, Johnny Connolly agus le cairde eile. Thug sé an stáitse arís air féin in 2015 nuair a eagraíodh ceolchoirm i gcuimhne ar Eddie Moloney sa Town Hall Theatre agus chas sé in éineacht lena sheanchairde, an dá bhoscadóir, Patsy McDonagh agus Joe Burke. Seoladh dlúthdhiosca de sheantaifeadtaí, Eddie Moloney: Master Musician thart ar an am céanna agus tá Dónal le cloisteáil ar chuid de na rianta. Cúpla bliain ó shin tháinig an Castle Céilí Band le chéile i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir. Bhí brú ag baint leis mar dar leis féin go raibh sé as cleachtadh ach bhí ardoíche acu agus bhí sé sásta a bheith páirteach ann.
Faoi mar a bheifeá ag súil leis tá ceol ag a iníonacha agus casann Clíona an fheadóg mhór agus tá céim sa gceol ag Laragh, ar pianadóir cumasach í. Anois agus garchlann óg air, tá súil ag Dónal go ndéanfaidh siad mar a rinne a muintir rompu agus traidisiún fada an cheoil a choinneáil beo sa gclann.
Foinsí:
Agallamh le Dónal Standún
https://comhaltas.ie/music/detail/down_the_back_lane_the_rambles_of_kitty/