Sorcha Ní Mhonacháin

Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall Sorcha ach tá sí ina cónaí anois i gCois Fharraige ó bhí an bhliain 2005 ann, áit a bhfuil sí ag tógáil clainne agus ag obair mar thuairisceoir le Nuacht RTÉ.

Tá sí ag gabháil fhoinn ó bhí sí ina páiste - bhíodh sí páirteach i gcomórtais réigiúnacha Oireachtas Uladh a d’eagraíodh Comhaltas Uladh i nGaoth Dobhair sna 80idí agus ina dhiaidh sin ag Oireachtas na Samhna. Is óna máthair agus a hathair, Brighid agus Tomás Ó Monacháin, a fuair sí a cuid amhrán. Fuair siadsan iad ó na tréimhsí a chaith siad i Rann na Feirste áit a dtigeadh siad a fhoghlaim Gaeilge sna 1950idí agus 1960idí sular chuir siad fúthu go buan i nGaoth Dobhair. Chaith a máthair cuid mhaith ama i gcuideachta Sheáin Bháin Mhic Grianna agus bhreac sí síos cuid mhór amhrán uaidh.

Tá stór mór d’amhráin Chúige Uladh ag Sorcha agus bíonn sí le cloisteáil ag an tseisiún Tigh Mholly oíche Dhéardaoin. Tá amhrán taifeadta aici ar an dlúthdhiosca Carúil Nollag (Cló Iar Chonnacht 2013) - bailiúchán de charúil Nollag Thaidhg Uí Shé as Ros a’ Mhíl, a chuir Cór Chois Fharraige amach faoi stiúir Aisling Ní Neachtain. Tá amhráin aici chomh maith sa mbailiúchán Suantraí a d’eisigh Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Bhuaigh sí Comórtas na mBan ag an Oireachtas in 2004 agus bíonn sí páirteach sa chomórtas sin ó shin. Bhí sí ag beagnach chuile Oireachtas ó bhí sí sé bliana déag agus bíonn a cuid gasúr páirteach anois ann, cé gur le hamhráin Chonamara a ghabhann siadsan!

https://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/sorcha-ni-mhonachain/

https://www.molsceal.ie/cuige-uladh/alt/?CID=6279346591001

https://www.cartlann.ie/items/show/3604#?c=0&m=0&s=0&cv=0

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta

Next
Next

Erin Nic Eoghain