Máirtín Pheaits Ó Cualáin

‘Chomh sean leis an stát atá mé’, a deireadh Máirtín Pheaits ó Cualáin, geábh ar bith a gcuirtí an cheist air faoina aois. Le bheith cruinn beacht faoi, is ar an dara lá fichead de mhí na Samhna 1922, i dteach beag ceann tuí a bhí lonnaithe i mbaile fearainn an Tí Móir in Indreabhán, a saolaíodh Máirtín Pheaits Ó Cualáin. Ba é Máirtín an dara duine ab óige de chúigear clainne (Máire, Tom, Seán, Máirtín & Beartla) a bhí ag Peaits Sheáin Phádhraic Ó Cualáin agus ag Saile Tom Shadhbh Ní Choinceanainn as Baile an tSagairt sa Spidéal.

De réir an tseanchais a bhí ag Máirtín, bhí muintir Chualáin ag dul siar go dtí aimsir Chromaill i nDún Dealgan, tráth ar ruaigeadh siar agus isteach thar gheataí Chonnacht iad. Thug siad aghaidh ó thuaidh ar dtús chomh fada le Conga, ach ní mba fada gur ruaig na Flaitheartaigh agus na Seoighigh ó dheas iad agus sa lá atá inniu ann, is le cladach ar an gcósta ó dheas de Chonamara atá muintir Chualáin le fáil, ó fhágfaidh tú Gaillimh siar le cósta agus amach go Carna.

Tráthúil go maith agus géarchéim shláinte Covid-19 curtha dínn againn, tháinig an Fliú Mór isteach sa teach ag muintir Pheaits in 1918 agus dúirt Máirtín go ndeachaigh an bás gar dá athair. Dúirt an Dr Sexton, a bhí ar dualgas sa gceantar ag an am, lena mháthair Saile nach mairfeadh a athair. Tháinig Peaits as ach deireadh Máirtín i gcónaí gur fhág an fliú a lorg ar a athair. Bhí cáil ar Pheaits gur fear lúfar láidir a bhí ann agus bhí scéalta faoina chuid nirt ón am a chaith sé thall i bPortland Maine Mheiriceá cloiste ag Máirtín. Bhí cruatan, anró agus ganntan ag baint leis an saol ag an am, agus na daoine ag coimhlint leis an ngiodáinín talún, ag cur fhataí, ag iascach, ag baint fhéir agus mhóna.

Cé gur dóigh nach mórán machnaimh a rinne sé féin air, bhí sé d’ádh air go raibh saibhreas cultúrtha chuile áit ina thimpeall le linn a óige, ní hamháin ar an teallach ach istigh ar a bhaile féin sa Teach Mór agus i gCor na Rón taobh thiar de. Bhí an dá bhaile sin ar maos le fonnadóirí, ceoltóirí agus lucht seanchais. Go deimhin féin, bhíodh Máirtín ag rá go mbíodh tarraingt ag go leor píobairí ar Chor na Rón. Ní haon iontas mar sin go raibh foinn agus seanchas go smior sa gCualánach.

Bhí amhráin ag a bheirt tuismitheoirí, leithéidí ‘Eanach Cuain’. Agus bhí bailéid Bhéarla ar nós ‘My Moorlough Mary’ agus ‘The Rambling Irish Man’ ag Peaits, is dóigh go bhfuair sé iad le linn dó a bheith ar imirce i bPortland Maine Mheiriceá. Bhí amhráin freisin ag a sheanmháthair Cáit Feáirtí (bean chéile Sheáin Phádhraic) a tháinig as an mBaile Láir i gCor na Rón. Ní hamháin go raibh cáil na fonnadóireachta ar Cháit Feáirtí, ach bhí sé ráite nach raibh a sárú le fáil ag damhsa. Bhíodh Máirtín ag rá go mbíodh glaoch uirthi chuig bainiseacha agus chuig ócáidí eile, nuair a bheadh duine le dul ar imirce, mar shampla.

Bhíodh Máirtín ag cur síos go minic go raibh dhá threibh, nó dhá theaghlach Cualán ar an Teach Mór ─ na Bairtliméid agus na Ruaitigh ─ agus go raibh cáil na fonnadóireachta orthu. Ba mhinic freisin é le cloisteáil ag cur síos ar dhuine de mhuintir na Ruaiteach, Anna Fheilipe, a raibh glór cinn fíorcheolmhar aici. Ba í géarchuimhne Mháirtín é í a chloisteáil nuair a bhí duine eile de na Ruaitigh, Maidhc Sheáinín, ag dul ar imirce go Meiriceá, agus í ag casadh ‘Línseach Bhearna’. In 1927 a chuaigh Maidhc Sheáinín go Meiriceá agus gan i Máirtín ach gasúirín beag ag an am. Ní hiontas, mar sin, go raibh an t-amhrán sin ar cheann de na hamhráin mhóra a bhí aige i gcaitheamh a shaoil. Bhí stór fairsing ag deartháir Mhaidhc Sheáinín, Pádhraic Sheáinín, fear a chualathas go minic ag Ciarán Mac Mathúna ar Raidió Éireann sna blianta a caitheadh. Bhí togha na n-amhrán freisin ag Maitiú agus ag Kate Sheáinín as an teaghlach céanna. Chomh maith leis sin bhí aintín le Máirtín (deirfúr Pheaits), Bríd Sheáin Phádhraic, pósta i gClochar na gCon, le Pádraic Ó Fátharta. Dúirt sé gur ag Pádraic a chuala sé an leagan a bhí aige féin de Úna Dheas Ní Niaidh an chéad lá ariamh.

Bhí an-tionchar ar Mháirtín freisin ag a chomharsa, an file Pádraig Ó Fátharta, nó Pádhraicín Chóil mar ab fhearr aithne air, arbh as Inis Bearachain ó dhúchas é, ach a cuireadh ar chúram a uncail, Cóil Bhile, agus a tógadh anseo de bharr chruatan an tsaoil, nuair a bhásaigh a mháthair agus a fágadh Pádhraic Bhile – a athair – ina bhaintreach. Phós Pádraig Ó Fátharta Siobhán Ní Dhiolúin (Jude Mheait) agus ba mhinic cruinneáil mhuintir an bhaile agus go leor strainséar freisin sa teach úd, Tigh Mheait mar a thugtaí air. Ba theach cuartaíochta é Tigh Mheait a bhíodh ag coinneáil go leor strainséar, gasúir Choiste na bPáistí, mar shampla. D’fhan leithéidí Éamon de Valera agus go leor de Ghaeil na hardchathrach ann. Is sa teach sin a déanadh taifead ar go leor de na seisiúin a bhíodh ag an ngrúpa ‘Scothchainteoirí Chois Fharraige’, ócáidí ag a mbíodh Máirtín. Is ann a chuala Máirtín go leor de na hamhráin a thug sé leis agus a bhí ina stór líonmhar i gcaitheamh a shaoil, leithéidí ‘Ceaití an Chúil Chraobhaigh’, ‘Bádóirín Thír an Fhia’, ‘Mná Spéiriúla Ros an Mhíl’, ‘Eanach Cuain’ agus go leor eile. Ba mhinic Pádraig Ó Fátharta i mbun pinn, agus is iomaí sin amhrán a scríobh sé, leithéidí ‘Cois Fharraige Cois Cuain’ agus ‘Tóstal na Gaillimhe’, mar shampla. Chas Máirtín ‘Tóstal na Gaillimhe’ nuair a bhí sé cumtha as an nua ag Pádraig d’fhéile mhór an Tóstail a bhíodh i nGaillimh sna caogaidí. Is ar iarratas ó Phádraig a chas sé é agus thug siad leo an duais an bhliain sin.

Nuair a d’fhás Máirtín ina scorach, chuaigh sé isteach le liostáil san arm, ach tháinig athrú intinne air faoi sin nuair a chuir fear eile as Ceantar na nOileán a bhí liostáilte roimhe comhairle air gan na páipéir a shíniú. Dúirt sé leis féin ansin gur mhaith leis tréimhse a chaitheamh san ardchathair. D’fhág sé an baile agus chaith sé seal ag obair le Bord na Móna i bPáirc an Fhionnuisce. Bhí sé ag obair ansin le comrádaithe leis as a cheantar dúchais, leithéidí mhuintir Chadhain, Máirtín, Maidhc agus Tom as an gCnocán Glas, agus le Tom Pheaidí Mac Diarmada as an Lochán Beag. Bhí sé ceathair nó cúig de bhlianta uilig i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh sé sna meachain arís agus thug ruaig eile as an mbaile agus anonn go Sasana, mar a rinne go leor eile, ar an mBeet ag obair leis an siúcra. Is fiú a lua go raibh stór mór seanbhailéad Béarla ag Máirtín, cuid acu a chuala sé ag baile ach is cinnte gur thug sé leis roinnt freisin ó fhonnadóirí a mbíodh sé ina gcomhluadar i mBaile Átha Cliath agus i Sasana.

Cé go raibh stór mór amhrán ag Máirtín ag aois an-óg, ní raibh an deis ariamh aige ach aon uair amháin le linn a óige dul chuig an Oireachtas. Cháiligh sé le páirt a ghlacadh ann in 1944, ó fheis a bhí ar an Tulach. Cuireadh seomra ar fáil dó in Óstán an Belvedere i mBaile Átha Cliath. Bhíodh babhta cáilithe príobháideach eile ag an Oireachtas. Bhíodh an t-amhrán le rá ag duine as féin i seomra os comhair beirt mholtóirí. Fuair Máirtín an dara háit sa mbabhta sin agus Súilleabhánach as Cúil Aodha a bhí sa gcéad áit. Cháiligh an méid sin é le bheith páirteach i gcomórtas mór oscailte an Oireachtais os comhair an tslua i dTeach an Ard-Mhéara agus roinneadh an dara háit idir é féin agus Diarmuid Ó Ríoghbhardáin as Cúil Aodha. Is maith an scaitheamh blianta a bheadh caite sula dtabharfadh cúrsa an tsaoil deis do Mháirtín tabhairt faoi aon chomórtas ardáin eile.

Is in 1956 a phós sé fhéin agus Máirín Johnny Cháit Ní Choisdealbha as Baile na mBroghach. Rugadh naonúr clainne dóibh, ach is ceathrar iníon agus ceathrar mac leo a mhair. Is beag am ná deis a bhí aige le linn na mblianta sin idir thógáil clainne agus easláinte a bheith ag imeacht ón mbaile ná ag siamsaíocht.

Ba chúis iontais do chuile dhuine é, cibé caint, comhairle nó bealach a ndeachthas i gcion air, siúd ar ardán an Oireachtais arís é in 2001 i nDaingean Uí Chúis, théis seacht mbliana agus leathchéad ó sheas sé ar ardán úd Theach an Ard-Mhéara. Thug sé leis Corn na bhFear an bhliain úd, agus é i bhfoisceacht bliain de na ceithre scór. Is críonna an té a déarfadh nach mbeadh Corn Uí Riada faoina ascaill freisin aige murach gur athraíodh rialacha an Oireachtais an bhliain chéanna sin, go gcaithfeadh buaiteoir Chomórtas na mBan nó na bhFear fanacht go dtí an bhliain dár gcionn le páirt a ghlacadh ann. Ní bréag ar bith a bhí ag an té a thug an comeback kid air! Ní raibh stopadh ar bith leis ansin, mar an bhliain dár gcionn rinne Máirtín éacht eile nuair a d’eisigh sé dlúthdhiosca le Cló Iar-Chonnacht agus na ceithre scór slánaithe aige. Bhí sé ag iomaíocht i gcomórtas Chorn Uí Riada idir 2002-2004.

D’éag Máirtín Pheaits Ó Cualáin ina theach cónaithe ar an tríú lá fichead de Mhárta 2013, a bhean Máire, a ochtar clainne, agus a gharchlann (20) ina thimpeall. Cé go bhfuil Máirtín ─ agus a bhean Máire a d’éag sa mbliain 2016 ─ imithe, ní baol don saibhreas cultúrtha a d’fhág sé le hoidhreacht acu. Tá stór mór amhrán ag cuid mhaith dá chlann, dá bhféadfaí cuid acu a chur dá ngabháil! Casann a mhac Mícheál Ó Cualáin (Inis Mór, Árainn) agus a iníon Caitlín Ní Chualáin (an Teach Mór, Indreabhán) amhráin go poiblí. Bíonn an bheirt chlainne sin ag iomaíocht i gcomórtais an Oireachtais, agus duaiseanna bainte amach acu beirt, an sméar mhullaigh féin, Corn Uí Riada, ag Caitlín. Chomh maith leis sin, bíonn a gharchlann ag gabháil fhoinn. Tá duaiseanna bainte amach ag a ghariníon Síle Ní Scanláin (iníon Sarah) agus ag clann Chaitlín ─ Adhna, Domhnall, Fódhla agus Cormac Ó Braonáin. Ní thiteann an t-úlla i bhfad ón gcrann!

 Scríbhneoirí: Séaghan, Ferdia agus Cormac Ó Braonáin, an Teach Mór.

Paul Cotter

Paul is Founder & CEO of Bad Dog, an Irish Digital Marketing Agency. He has 30+ years experience in many facets of the design world. He’s got opinions too, from such a long career - and is more than willing to share them. With an insatiable appetite for anything tech and forward facing, pardon the pun, but he’s like a dog with a bone!

https://baddog.ie
Previous
Previous

Gráinne Ní Fhátharta

Next
Next

Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta