Taisce Chois Fharraige

Cnuasach eolais a bhailigh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige faoi fhonnadóirí, cheoltóirí, dhamhsóirí, scéalaithe agus scríbhneoirí an cheantair

Fearadh na fáilte romhaibh!

Fearacht go leor ceantair Ghaeltachta eile, tá sé d’ádh orainn go bhfuil an cultúr dúchais láidir i gCois Fharraige. Cuireadh tús leis an togra in aimsir na dianghlasála, tráth a raibh deis againn cuimhneamh orainn féin agus ar an gcaoi a saibhríonn na healaíona ár saol. Is in ómós dóibhsean a tharraing cáil ar an gceantar a thogair Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus a muintir an bailiúchán a chur i dtoll a chéile.